Fógra: Rinneadh ionsaí ar an suíomh seo ag víreas le déanaí agus táimid á dheisiú faoi láthair. Gabh ár leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht.
Is iomaí físeán Gaeilge atá ar YouTube anois. Tá cuid de na físeáin seo an-taitneamhach agus an-tairbheach do dhaltaí na Gaeilge. Is féidir le múinteoir nó le dalta teacht ar na físeáin seo go héasca ar shuíomh Subh mar tá siad ar fáil ina gcatagóirí éagsúla.
Tá luaschártaí ar ábhair éagsúla againn. Bain úsáid as na luaschártaí seo chun foclóir nua a chur i láthair, chun stór focal a thástáil agus chun dul siar ar fhoclóir.
Is féidir an suíomh seo a aimsiú ar d’fhón cliste. Foghlaim, cleacht, bain taitneamh as do chuid Ghaeilge uair ar bith agus áit ar bith!
Bain taitneamh as ár bpobalbhreitheanna chun tuairimí agus breitheanna do chomhscoláirí a fheiceáil. Is féidir cúrsaí Gaeilge agus cúrsaí an tsaoil a mheas anseo. Bí srónach agus féach ar na torthaí!
Imir ár gcluichí idirghníomhacha chun cur le do stór focal. Tá na cluichí seo bunaithe ar fhoclóir na Gaeilge agus ar churaclam na Gaeilge mar shampla – ar An Triail, Prós, Filíocht, Briathra, Cúrsaí Ceoil, Cúrsaí Scoile, Bia, na Féilte agus a lán eile. Beir Bua!
Seo agat cúrsaí beaga idirlín ar litríocht, ar fhoclóir, ar ghramadach agus ar labhairt na Gaeilge. Déan na cúrsaí seo de réir mar a oireann duit – uair ar bith, áit ar bith.
Fógra: Rinneadh ionsaí ar an suíomh seo ag víreas le déanaí agus táimid á dheisiú faoi láthair. Gabh ár leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht.
